Aíonna 2018

Cover
FíonadeBuis

Cnuasach Binneas-Ceol agus Amhráin Uíbh Ráthaigh CD1

Is dlúthdhiosca é The Binneas Collection-Music and Song of Iveragh a rinneadh taifead air ag an 25ú Éigse na Brídeoige. I measc na ndaoine a ghlacann páirt sa léiriúchán tá Peter Mullarkey, Rosaleen Mullarkey, Tim Dennehy, Marion O’Neill, Selena O’Connell, Stephen Scales, Paddy de Buis agus Ceoltóirí Óga Uíbh Ráthaigh.

I measc na namhráin agus na poirt atá mar pháirt den dlúthdhiosca tá A Bhríd a Mhuire na nGael (Amhrán) agus The High Road to Loher and The Ardgroom Jig (Poirt dúbailte).

Rinne Raidió na Gaeltachta taifead beo ar an dlúthdhioca le linn Éigse na Brídeoige 2017. Beidh an dlúthdhiosca á lainseáil i rith Éigse na Brídeoige 2018.  

Fiona de Buis

Tá sí ag cur fúithi in Uíbh Ráthach le fada, fada an lá. Iar-mhúinteoir, iar-bhainisteoir ar Ionad Ealaíne agus Aos-Oideachais is ea í agus fós baint aici le go leor coistí pobal atá ag plé le cúrsaí forbartha, cúrsaí ealaíne, cúrsaí meabhair sláinte srl. sa cheantar. Tá sí gníomhach ar choiste eagraithe Éigse na Brídeoige ó bunaíodh an Éigse i 1993 agus beidh sí ina cathaoirleach ar fhile nua filíochta – The Amergin Solstice Poetry Gathering; Éigse na Gréine a bheidh ag tosnú sa Choireán i mí an Mheithimh 2018.

dordan

Dordán

Tá triúr mná ó Chontae na Gaillimhe mar pháirt den ghrúpa Ceilteach Dordán, lena n-áirítear feadógaí stáin Mary Bergin, fidléir Dearbhail Standún agus cláirseoir Kathleen Loughnane. Sheol Dordán-ciallaíonn a n-ainm “drone” i nGaeilge - a gcéad albam Jigs To The Moon i 1994, agus tharraing an dara albam Narada Nollag The Night Before … A Celtic Christmas níos mó ard fós orthu. Sheol siad albam eile do Narada, Celtic Aire i 1999 agus ceann do Shanachie, Irish Traditional & Baroque Music sa bhliain chéanna. Ghnóthaigh meascán sainiúil ceoil traidisiúnta na hÉireann agus ceol barócach na hEorpa de chuid Dordán ard agus moladh forleathan sa bhaile agus thar lear.  

JohnDraper

John Draper

Tá John Draper ag obair mar Rialtóir Roinne don Gharda Cósta atá lonnaithe ag Stáisiún Raidió Garda Cósta Dhairbhre. Rugadh é i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1968. Tá cónaí air sa Choireán ó 2003. Tá John ag obair don Gharda Cósta in Oileán Dairbhre ó 2003. Tá éagsúlacht ag baint lena chonair ghairme – ón uair go raibh sé ina oifigeach raidió farraige san Loingeas Trádála go cúntóir taighde mara ar stoic bhradán agus breac mara na hÉireann, go raibh sé ag obair ar feadh 4 bliana mar bhall den Gharda Síochána gur fhill sé ar ais ansin chuig an earnáil mhuirí.

BiddyJenkinson

Biddy Jenkinson

Ní raibh sí riamh go maith chun sumaí.

'Bí ag scríobh,' arsa an tSr. Baiste léi, nuair ba léir nach dtrasnódh sí

an Pons Asinorum, 'mar n'fheadar cad eile a dhéanfá.'

Bhí sí géilliúil mar scoláire. Thosaigh sí ag scríobh agus tá sí ag scríobh ó shoin.

Coiscéim a fhoilsíonn a saothar. Na leabhair ba mhó díol dá cuid: An tAthair Pádraig ó Duinnín - Bleachtaire 2008 agus Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg 2011.

C_Mac_Carthaigh

Criostóir Mac Cárthaigh

Is stiurthóir é Criostóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann. Thosaigh sé ag obair sa Chnuasach mar chartlannaí sa bhliain 1997. Tá staidéar déanta aige ar ghnéithe éagsúla de bhéaloideas agus d’eitneolaíocht na hÉireann – litríocht béil, filíocht, drámaíocht, stairsheanchas, cultúr ábhartha, an ailtireacht dhúchais, agus cultúr mara na hÉireann. Chuir sé eagar ar an leabhar Traditional Boats of Ireland (2008) agus ar roinnt leabhair eile, ina measc, New Survey of Clare Island, Volume 1: History and Cultural Landscape (1999, le Kevin Whelan). Tá PhD bainte amach aige ar sheanchas na farraige in iarthar Chiarraí.

EoinMAcCraith

Eoin Mac Craith

Is Geolaí Mara é Eoin Mac Craith le taithí deich mbliana i suirbhéireacht mara. Tar éis dó obair idirnáisiúnta a dhéanamh ar mhuireolaíocht i gKazakhstan agus suirbhéireacht sa Mheán Oirthear, ghlac sé an deis obair a dhéanamh ar shon Suirbhéireach Ghéolaíochta na hÉireann agus mapáil a dhéanamh ar ghrinneal na farraige mórthimpeall na hÉireann. Tá céim aige i nGeolaíocht agus máistir i Muireolaíocht agus cuireann sé suim i ngach gné atá bainteach le farraigí na hÉireann, ó longa báite agus an tírdhreach fó-thoinn go bitheolaíocht agus athrú aeráide. I láthair na huaire tá sé ag obair le INFOMAR

BridNiMhorain

Bríd Ní Mhóráin

Tá cónaí ar Bhríd Ní Mhóráin sa Chom in Oirthear Dhuibhneach ó bhí sí ina cailín óg agus tá sí fostaithe mar fhile cónaitheach i bPobalscoil Chorca Duibhne ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne le tacaíocht Ealaín na Gaeltachta ó 2003.
Sé chnuasach filíochta agus saothar próis, Thiar sa Mhainistir atá an Ghaolainn Bhreá faoi mheath na Gaeilge in Uíbh Rathach, atá foilsithe aici. Tá sí ag glacadh páirte i dtograí comhoibritheacha idirnáisiúnta in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór in éineacht le ceoltóirí, amhránaithe agus ealaíontóirí le cúpla bliain anuas, .i. Glórtha ón gCillín, 2015, Suantraí na nDaoine Fásta, 2016 agus Amhrán Grá, 2017.

Grianghraf: 'Le caoinchead thogra Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge'.

breanndan-o-beaglaoich

Breanndán Ó Beaglaíoch

Is boscadóir agus amhránaí cáiliúil ó Chiarraí Thiar é Breanndán Ó Beaglaíoch.

‘Sé Breanndán an té is óige de theaghlach de naonúr páiste, le tallann mhór cheoil agus amhránaíochta. Thóg Breanndán suas ceol agus amhrán Chiarraí Thiar ó bhí sé óg.    

Seineann sé ag go leor féiltí agus tionóil anseo in Éirinn agus thar lear. Tá baint ag Breanndán in eagrú Scoil Cheoil an Earraigh a bhíonn ar siúl i gCiarraí Thiar gach Feabhra.

Áirítear teanga, tírdhreach, traidisiún agus pobal i gceol Bhreanndáin. Níorbh fhéidir a cheol a bheith ann gan na sléibhte, na farraigí agus na stoirmeacha óna áit dúchais Corca Dhuibhne.

BreandánÓCíobháin

Breandán Ó Cíobháin

Dhein Breandán Ó Cíobháin taifeadadh ar chnuasach dlúth, ilghné de logainmneacha cósta ar fuaid Uíbh Ráthaigh leathchéad bliain ó shoin nuair ab ann fós do roinnt seanfhondúir a bhí fáiscithe as seantraidisiún na farraige. Foilsíodh cuid díobh san i Toponomia Hiberniae 1983-4, maraon le fótaléaráidí. Baineann furmhór na n-ainm leis an 18-19ú céad, ach tá líon áirithe go dtéann a bpréamhacha i bhfad siar sa stair, sa tseanchas agus sa mhiotaseolaíocht. Ina measc san tá Tigh Doinn, Inbhear Scéine, Carraig Éanna, Carraig Oisín, Cnoc an Bhráthar agus Gairdín na mBan Rialta ar an Scairbh, agus tuilleadh nach iad. Déanfar taifeach ar fhoinsí ná luaitear i Toponomia Hiberniae.

GerryRiordan

Gerry Riordan

Is Innealtóir Sinsearach le Comhairle Contae Chiarraí é Gerry Riordan. Thuill sé a Chéim Innealtóireachta Sibhialta agus Céim Mháistreachta in Innealtóireacht Eischósta ó COC i 1986 agus 1988 faoi seach. Nuair a bhí a chéim bainte amach aige, d’oibrigh sé ar feadh 5 bliana ar thionscadail mhóra innealtóireachta, mar shampla oibreacha tógála droichead, tógáil lamairne agus oibriúcháin píleála. Ó thosaigh sé ag obair le Comhairle Contae Chiarraí i 1993, d’oibrigh sé i Seirbhísí Uisce, sular thosaigh sé le Comhairle Baile Thrá Lí mar Innealtóir Baile i 2000, áit a rinne sé maoirseacht ar teorannú do choisithe agus pábháil den Chearnóg agus Abbeycourt i dTrá Lí, agus dearadh agus tógáil Ionad Bogaigh Bá Thrá Lí. Le dhá bhliain anuas tá sé i gceannas ar an Aonad um Thuilte agus Cosaint Cósta agus an Rannóg Fuinnimh i gComhairle Contae Chiarraí.  

EleanorTurner

Eleanor Turner

Is bitheolaí mara í Eleanor a rugadh agus a tógadh i gCiarraí Theas agus anois tá an phribhléid aici a bheith in ann maireachtáil agus obair sa tírdhreach suimiúil seo. Oibríonn sí le hIonad Feasachta Mara Seasynergy sa Choireán, ag cabhrú le cláir oideachais scoile a rith, maraon le campaí dúlra agus ceardlanna go bhfuil sé mar sprioc acu feasacht a ardú ar bhithéagsúlacht mhuirí, caomhnú agus truailliú. Tá sí ag obair i dtreo PhD le Smartlab i g COBÁC ag déanamh taighde ar rannpháirtíocht pobail i mbainistíocht bithéagsúlachta an chósta. Mar pháirt den chlár PhD Áitbhunaithe seo, oibríonn sí le grúpaí comhshaoil áitiúla ar nós Waterville Lakes agus Rivers Trust agus an Caherdaniel Japanese Knotweed Group.