HomeÉigse 2012 Clár 2012 Pacáiste Saoire Gailearaí Cá bhfuilimid Contact Us

 

Éigse na Brídeoige 2012

Uíbh Ráthach na gCnoc/Upland Iveragh

Aoine 3u Feabhra - Domhnaigh 5 Feabhra

The Biddy and The Capall are the big traditional festivals in Uíbh Ráthach. Téann grúpaí ar fud an dúthaí ag déanamh spraoi agus iad gléasta ionas nach féidir iad d'aithint. Leis an sport seo, cuirtear fáilte roimh an Earrach.

Carrying a Brídeog or Capall as appropriate, groups go from house to house and pub to pub on St Brigid's Day. They play music, dance and sing, remaining disguised all the time.

Is é seo an fichiú bliain as a chéile go bhfuil Éigse na Brídeoige á reachtáil ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh. Féile chultúrtha isea an Éigse, a dheineann teacht an Earraigh a cheiliúradh agus, ag an am gcéanna, a dhíríonn ar ghné éigin de oidhreacht agus cultúr Uíbh Ráthaigh. I mbliana beidh sléibhte agus sléibhteoireacht faoi chaibidil againn, in Uíbh Ráthach go háirithe ach le sciúrd tapaidh soir go dtí an Himalaya chomh maith.