| HomeÉigse 2010 Clár 2010 Contact Us | |
| |
Bíónn téama éagsúíl ann gach bliain a dheineann ceiliúradh agus iniúchadh ar ghné éigin de oidhreacht shaibhir chultúrtha agus soisialta an cheantair. D’fhéadfadh duine a bheith i gceist, nó áit, nó eagraíocht nó aon ghné eile den oidhreacht sin. Deineann léachtanna, seimeanáir, agus turasanna iniúchadh ar an dtéama. Ina theanta sin, bíonn, ceol, amhráin agus filíocht i gceist ag an deireadh seachtaine, i bhfoirm coirmeacha ceoil agus seisiúin neamhfhoirmealta araon. Eagraítear an Éigse ag an dtráth seo bliana mar cheiliúradh ar thraidisiún na Brídeoige, gur ceiliúradh í freisin ar theacht an earraigh, athnuachan agus athfhás. |