Féile cultúrtha is ea Éigse na Brídeoige a eagraítear gach bliain i rith an chéad deireadh seachtaine i mí Feabhra. Bíonn na himeachtaí ar siúl in áiteanna éagsúla i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh i gCiarraí Theas.

Bíonn téama éagsúil ann gach bliain a dheineann ceiliúradh agus iniúchadh ar ghné éigin de oidhreacht shaibhir chultúrtha agus soisialta an cheantair. D’fhéadfadh duine a bheith i gceist, nó áit, nó eagraíocht nó aon ghné eile den oidhreacht sin. Deineann léachtanna, seimeanáir, agus turasanna iniúchadh ar an dtéama. Ina theannta sin, bíonn ceol, amhráin agus filíocht i gceist ag an deireadh seachtaine, i bhfoirm coirmeacha ceoil agus seisiúin neamhfhoirmealta araon. Eagraítear an Éigse ag an dtráth seo bliana mar cheiliúradh ar thraidisiún na Brídeoige, gur ceiliúradh í freisin ar theacht an earraigh, athnuachan agus athfhás.